School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean

Location:
Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
Teacher:
An tSr. Máire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0425, Page 254

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0425, Page 254

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
  2. XML Page 254
  3. XML “Éamonn ón Luaird”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    "Chaithfidh tú é do thabhairt dom" arsa Éamonn "Má chaithfidh mé" arsa'n buachaill aimsire "Caithfidh tú dul síos an gleann san ag triall air".
    Chaith an buachaill aimsire an sparáin ina raibh "Janzys"[?] ann síos an gleann, do léim Eamonn de'n chapall, súid leis síos an gleann indiaidh an airgid ba dhóigh leis féin, nuair a fuair an buachaill aimsire síos é do léim de'n a chapall féin agus chuaidh sé ar chapall Éamoinn; do b'fhearr capall Eamoinn míle nair ná a chapall féin. Do bhí ocht gcuid púnt indiallait chapaill Éamoinn agus fuair an buachaill aimsire an t-airgead do.
    Nuair a tháinig Éamonn aníos ó'n ngleann is gan faic dá bharra aige, 7 nuair a chonnaic sé a chapall breag imthighte agus an sean-chapall críonna caithte aige in ionad ba dhobair nár cailleadh é. Do fuair sé gunna 7 do thosnuigh sé ag caitheamh indiadh an bhuachalla acht niorbh aon mhaith dó é mar bhí sé ro-thapaidh dhó. Nuair a tháinig an buachaill abhaile go dtí n-a máighistir bhí sé an-bhuidheach do.
    Arsa'n buachaill "Is maith a dheineas an sean-chapall a thabhairt liom, feach cad tá agam anois ina ionad capall bréagh 7 feach an t-ocht gcuid púnt a fuaireas indiallait an chapaill" Arsa'n maighistir "Is tú an buachaill is fearr a chonnac riamh agus anois tuibhrad an t-ocht gcuid púnt duit féin."
    Bhí-san go maith agus ní raibh go h-olc go dtí tráthnóna lár-n-a bhárach, cé bhuailfeadh isteach chúcha acht sean-duine bocht agus é bacach. D'iarr sé lóistín na h-oidhche ortha agus fuair sé é. Ar maidin lár na bhaireach[?] dubhairt an duine bocht le bean a tighe an buachaill aimsire do
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ó Seaghdha
    Gender
    Male
    Age
    89
    Occupation
    Iascaire
    Address
    An Baile Loiscthe, Co. Kerry