School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean

Location:
Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
Teacher:
An tSr. Máire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0425, Page 235

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0425, Page 235

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
  2. XML Page 235
  3. XML “Aimsir an Ghorta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ar dtúis tháinig droch-bhliadhain agus mar gheall ar sin níor fhás na barraí ro mhaith, agus níor dhein na daoine iad do spáráilt mar ní raibh súil leis an olc acu agus thugadar na barraí go léir do na h-ainmhidhthe.
    An bhliadhain na dhiaidh sin níor fhás na barraí in aon chor agus go deimhin ní mór a bhí curtha acu mar ní raibh an síol acu. Thosnuigh na h-ainmhidhthe ag fagháil bháis agus nuair ná raibh aon rud eile ag na daoine le n-ithe chaithfidís iad san d'ithe. Bhí na daoine chómh ritthe síos san ceal bídh gurbh' amhlaidh do marbhuigheadh an fheoil iad mar bhiodh sé ro-láidir dóibh agus nuair do bhiodh an t-ocras ortha d'ithidís an iomarca di. Bhí na daoine bochta ag fagháilt bháis gach aon lá. Is minic a gheibheadh duine bás amuigh ingleann agus is amhlaidh a tugtaí as é in áirde ar chúl an dorais, agus deintí poll do agus caithtí sios ann é gan comhra gan aon rud air. Uair amháin bhí duine ag dul thar chlaidhe agus cailleadh é in áirde ar bharr an chlaidhe leis an ocras.
    Annsan thosnuigh na Sasanaigh a bhí go láidir insan áit an anbhruithe a thabhairt do na daoine ach iompódh go dtí an creideamh protastúnach. Níor iompuigh ach fior-bheagán dá
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    Language
    Irish
    Informant
    Máighréad Bean Uí Mhistéil
    Gender
    Female
    Age
    77
    Occupation
    Bean iascaire
    Address
    Ceathrú an Fheirtéaraigh, Co. Kerry