School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean

Location:
Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
Teacher:
An tSr. Máire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0425, Page 226

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0425, Page 226

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
  2. XML Page 226
  3. XML “Baintreach an Mhuilinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Baintreabhach an Mhuilinn
    Bhí lánamha an-bhocht sa mhuileann fadó, agus ní raibh de chlainn acu acht aon mhac amháin darb’ ainm Seán. Bhí miúil agus cráinn muice acu. Lá dar chuaidh an lánamha do’n tráigh ag baint iasgán d’fhágadar an mac istigh ag faire na cránach chun ná raghadh sí sa phrátaí. Ní fada a bhíodar imthighthe nuair a tháinig buachaillí óga na paróiste ag imirt liathróide ar ghort go dtugadar féar Pháidín air. Níor bhac an garsún an chráin agus chuaidh sé amach an gort ag imirt na liathróidhe.
    Ní fada a bhí sé ann nuair a chuimhnigh sé ar an gcráin. Nuair a chuaidh sé isteach abhaile ní raibh an chráin le fagháil aige. Chuaidh sé ag lorg na cránach agus is amhlaidh a bhí sí sa phrátaí agus iad ar fad loitighthe aice. Bheir an garsún ar chrann a bhí sa bheárnain agus rith sé indiaidh na cránach agus bhain trí banbh aiste. D’imthigh sé annsan ar eagla go bhfaigheadh sé aon mharbhú ó’n a mháthair.
    D’imthigh sé leis agus níor stad sé riamh ná coidhche gur chuaidh sé deich míle ó bhaile. Chuaidh sé isteach i dtigh agus d’iarr sé ar bhean a’tighe lóistín na h-oidhche thabhairt dó. Dubhairt sí nár b’fhéidir lei lóistín a thabhairt dó mar ná raibh fear a’tighe istigh. Sar a raibh fhios a thuille aice bhí sé istigh i bpucán na gcearc. I gcionn tamaill san oidhche
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1360B: Flight of the Woman and her Lover from the Stable
    Language
    Irish
    Informant
    Máighréad Bean Uí Mhistéil
    Gender
    Female
    Age
    77
    Occupation
    Bean iascaire
    Address
    Ceathrú an Fheirtéaraigh, Co. Kerry