School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean

Location:
Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
Teacher:
An tSr. Máire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0425, Page 218

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0425, Page 218

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
  2. XML Page 218
  3. XML “Capaill Dhubha Phiarais Feiritéar”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí Piaras Feiritéir in-a chómhnuidhe sa baile Uachtarach agus bhí feirm mhór talmhan agus timcheall le ficeadh bó aige. Chuaidh sé ag lorg buachaill aimsire agus thárla go bhfuair sé é. Is é cúram a chuir sé ar an mbuachaill ná aire thabhairt do na ba.
    Ceann de na laetheannta nuair a bhí sé ag tabhairt aire dóibh tháinig fear chuige ag lorg ceann de 'na ba air acht dubhairt an buachaill leis go gcaitfeadh sé cead a d'fhágháil ó-n -a mhaighistir ar dtúis.
    "Tá go maith" arsa'n fear "bead-sa annso rómhat amáireach." Nuair a chuaidh an buachaill abhaile d'fhiafruigh sé do Phiaras an bhféadfadh sé ceann de na ba a thabhairt do-n-a leithéad sin d'fhear. "Is féidir leat" arsa Piaras "ceann de na ba is fearr a thabhairt do."
    An lá 'na dhiaidh san tháinig an fear go dtí an buachaill agus d'innis an buachaill do cad dubhairt an maighistir leis. Annsan thug an buachaill an bhó is fearr dho. Thug an fear a bheannacht do'n bhuachaill agus d'imthigh sé.
    An lá 'na dhiaidh san tháinig an fear airíst agus an bhó agus capall breágh aige. Dubhairt an fear leis an mbuachaill an capall sin a thabhairt dhá mhaighistir i dtaobh go raibh sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Máighréad Bean Uí Mhistéil
    Gender
    Female
    Age
    77
    Occupation
    Bean iascaire
    Address
    Ceathrú an Fheirtéaraigh, Co. Kerry