School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Cormac
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- XML Page 075
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Do ghlaoidh sé ar leath-taoibh go seomra gile ar an bhfear agus ceistnigh sé é agus d'fhiafruigh de cár b'as é. Thairg sé a rioghacht ar fad do'n bhfear so annsan agus thug trí nó ceathair de chulathaibh eadaigh dho agus suas le cúig nó sé de mhíltibh púnt agus gaibh a míle buidheachas leis i dtaobh an leighis mhóir a dhein sé dho. Thug sé cúpla céad punt an duine acu do'n bheirt eile agus thángadar abhaile go Dún Chaoin agus do mhaireadar go sughach sásta iad féin agus a mhná 's a gclann as san amach.
- Bhí fear i n-a chomhnuidhe i mBaile Bhoithín, Baile an Fhirtéirigh fadó. Ní raibh de cheard ag an bhfear bocht seo acht a bheith ag gabháil timcheall ó áit go h-áit ag spailpíneacht. Aon oidhche amháin bhí sé ag teacht abhaile ana dhéanadh agus do bhí air gabháilt thar lios agus sé bhí a rádh i n-a aigne féin aige ná gur maith é braon biotáile anois.
Nuair a bhí sé ag gabháilt thar an lios, tháinig(continues on next page)