School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Cormac
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Tháinig duine dá chlann go dtí an Rí nuair a chonnaic sé an sgéal ar an bpáipéar agus d'fiafruigh sé de cad é an pianós a chuirfeadh sé ar an té a ghoidfeadh chaora ó bhraintreabhaigh ná bheadh aice acht an t-aon cheann amháin agus go mbeadh seacht gcéad caora aige féin. Dubhairt an Rí gurbh é pionós a chuirfeadh sé féin air na é chur seacht bhfeadha i dtalamh agus annsan dubhairt an mac lé n-a áthair gurbh é féin a chaithfeadh an bhreith fhulaing. Deineadh poll sa talamh a bhí seacht bhfeadha ar dhoimhneacht agus cuireadh an Rí síos ann agus cuireadh seacht mbrat sliotharnaighe anuas air. Dubhradh leis annsan aithrighe a dhéanamh agus go leigfí do aithrighe a dhéanamh saor airís é. Thosnuigh an Rí leis an aithrighe a dhéanamh ar maidin Dé Luain.
“ A Mhuire Mháthair na bheart atá ag cuimhneamh ar do Mhac
Tráth a bhímse go lag gan fághaltas lem' ais
Dé Luain faig ód chroidhe dhom agus sgaoil ar mo ghlas
Dé Máirt a Mhaighdean, a Mháthair na soillse
Do thúirling ár dTighearna le h-aon toil ód Mhaighdin
'Ná dhiaidh sin gur éirig ó'n eagcruadhas in-a raibh sé
Chun bás na croise d'fhághail agus d'fhulaing go foidhneach
Dia Céadaoin a mheath na craobha ar an Loch Gheal
A Bhainrioghan an Domhain do chabhrais le gach lag
Labhair-se led' Mhac is le h-Árd Rígh na bheart
Ár gcortha is ár gcionnta mhaitheamh dúinne go glan(continues on next page)- Collector
- Siobhán Ní Shuilleabháin
- Gender
- Female
- Address
- Baile an Lochaigh, Co. Kerry
- Informant
- Pádraig Ó Suilleabháin
- Gender
- Male
- Age
- 68
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Baile an Lochaigh, Co. Kerry