School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Cormac
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)dó - sean chailleach go raibh draoidheacht uirthe. Bhí beirt mhac Domhnall lá ag priocadh báirnigh ar an bhfaill nuair do sciob tonn faiirge de'n gcarraig iad.
Bhí Domhnall ag faire ortha agus nuair a chonnaic sé an contabhairt i n-a rabhadar chuaidh sé dá fóirithin. Bhíodar á dtabhairt an fhaill aníos aige nuair a chonnaic a namhaid - an t-Sean chailleach iad. "Anois nó riamh" ar sise i n-a h-aigne féin "beidh díoghaltas agam ar Dhomhnall." Chuaidh sí i bhfolach fé cabha cloiche agus le linn do Dhomhnall dul thar brághaid do bhuail sí buille dá slaitín draidheachta air, agus do deineadh gallán cloiche do féin agus dá bheirt mhac. Seo línte do cumach ar Dhomhnall.1.
Tá Domhnall an t-Sruma go buadhartha 's go brónach
Is duairc tá a chuma 's is túr tá a sgórnach
Tá a ulach dá chromadh 's dá chur ar an mbóthar
Ní eolach dó cumar ná connair mar cómhgar.11.
Bhí Domhnall seal confadach, cointeannach, comhachtach
'S ba mhinic ar buille é ag troid le n-a chomharsain
Nó gur chuaidh sé sa chlismirt, lé cuirptheach cruthanta
A chuir máchail 's milleadh air ná tuitfidh go deo dhe.111.
De dheascaibh a chlainne seadh thuit an tionóisc air
Mar le linn dul na ngoire seadh cuireadh an pionós air
Buille gan coinne á chur de n-a threoir é
Is a d'fhág é gan chiste, gan chine gan comhgas(continues on next page)- Collector
- Caitilín Nic Gearailt
- Gender
- Female
- Address
- Baile na hAbha, Co. Kerry
- Informant
- Micheal Ó Dhaoda
- Gender
- Male
- Age
- 58
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Baile na hAbha, Co. Kerry