School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Cormac
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí fhios ag an deirbhsiúr annsan narbh aon mhaith bheith léi agus dubhairt sí le na dearbhráthair
" A dearbhráthair óg agus a dearbhráthair na gcarad
Tá na coilig ag glaodhach agus an lá ag breacadh
Eirigh anois agus gléas do chapall
Agus iomchur féin do dheibhsiúr abhaile."
Críoch. - Domhnall an t-Sruma
1. Caitlín Nic Gearailt
2. Baile na h-Abhainn, Baile na nGall, Ciarraidhe
3. Fuair sí an sgéal ó Mícheál Ó Dhaodha
4. Baile na h-Abhainn, Baile na nGall
5. Feirmeoir
6. Tógadh é i mBaile na h-Abhann
7. 58 bl.Tá sprioc i n-a sheasamh timcheall le céad troigh ó's cionn na fairrge i bhfaill fhiadhain ar an dtaobh thiar de Chuas Breanndáin i n-Iarthar Corca Dhuibhne. Tá cosamhlacht idir an sprioc seo agus fear go mbeadh beirt leanbh ar a dhrom aige. Sé an ainm atá ag muinntir na h-áite do ná Domhnall an t-Sruma."
Deir an seanchus linn gur droch dhuine ab' eadh Domhnall agus go raibh síor esaontas idir é féin agus comhursa(continues on next page)