School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Cormac
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Amhrán Beannaithe (continued)
“Cúig céad déag fáilte naoi n-uaire is dachad”
(continued from previous page)111.
Cúig céad déag fáilte roimh Bainrioghain Flaithis Dé,
Do rugadh na h-Aingeal agus a baisteadh na Naomh,
Nár dhein riamh an peacadh is ná feadar cad é ,
Do thúirling na Flaithis ar Mhac dílis Dé.1V.
Cúig céad déag fáilte roimh Mac dílis Dé,
'Sé Ard-Rí na Righthe 's na bprionnsaí go léir
Do thúirling ár n-ionnsuidhe le h-oibriú ó'n Spioraid Naomh
'S gurb É siúd an ghiúistis a mhaithfeadh a bpeacaí do'n saoghalV.
Sé Mac Dé na Glóire mo Stór Chroidhe gan dabht,
Tá mo chroidhe ann agus m'anam ann agus ní'l iongnadh liom ann
D'fhulaing an Choróin céasta dá'r saoradh sa chrann
An t-Sleagh doimhin tré n-a thaobh mín is an choróin spíne ar a Cheann.V1.
Sé Mac Dé na Glóire mo stór gheal im' chroidhe
Dachad lá ar an bhfásach agus an dream smál ar a thaoibh
Ní raoibh stoca ná bróg air ná póit air tar éis bídh
'S gur tháinig Iúdas fé n-a chlócaí is gur phóg sé ár ar a thaoibh (?)V11.
A Críostaidhthe an t-Saoghail seo cuimhnigh (caoinig) bhúr n-Athair
Guilighidh go cruaidh agus buailighidh bhúr mbasa
An t-Sleagh tré n-A chroidhe buaileadh agus an fhuil uasal in a sreatha
Fulaing na daor-pháise agus é ag iomchar na croise.Críoch.- Collector
- Siobhán Ní Suilleabháin
- Gender
- Female
- Address
- Baile an Lochaigh, Co. Kerry
- Informant
- Pádraig Ó Suilleabháin
- Gender
- Male
- Age
- 68
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Baile an Lochaigh, Co. Kerry