School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Cormac
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Paidir a dearfá nuair a bheitheá amuigh san oidhche.Aisling a cuireadh ar Chríost
Agus gan é ach mí i bruigheann a Mháthar
Cuirim-se an aisling sin idir mé agus an namhaidh
Chun mé chosaint ar droch-bheartaibh an Domhain.Paidir a dearfá chun ná thiochadh tromluighe ort.Anna Máthair Mhuire
Muire Máthair Chríost
'Lís Máthair Naoimh Eoin Baiste
Críost a céasadh ar an gcrois
Á gCur i gceann na leabhthainn
Chun mé choimeád saor ó thromluighe
Agus ó gach droch-bheartaibh uile go maidin.Paidir a déarfá nuair a luighfeá ar an leabhthainnLuighim ar mo leabhthainn mar luighim ar an uaigh.
M'fhaoistin go cruaidh leat a Dhia
Ó a Mhuire mheidhreach is a mhaighdean ró-ghlórmhar
Grásta na foidhne i n-aghaidh na h-éagcórach
Rí na n-Aingeal is carthannach truagh bochtán
Dein díon dhom' anam anois is ar uair mo bháis.Sinéad Ní Gogáin (do cnuasaigh)
Baile an Eanaig, Baile an Fheirtéirigh.Críoch.- Collector
- Sinéad Ní Gogáin
- Gender
- Female
- Address
- Baile an Éanaigh, Co. Kerry
- Informant
- Pádraig Ó Ciabháin
- Gender
- Male
- Age
- 49
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Na Gorta Dubha, Co. Kerry