School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Cormac
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ceann agus dubhairt sé an rud céadhna ach má seadh do thug sise an freagra céadhna air.
Do thug an cailín a bóthar abhaile uirthi féin annsan agus nuair a bhí sí imthighthe do labhair an chéad cheann agus dubhairt " Ní fheadar cad é an pionós a chuirfimíd ar an gcailligh úd mar gheall ar a dánaidheacht agus a droch-mhúineadh" agus dubhairt an tarna ceann "Sé mo ghuidhe-se dhi ach go h- áirighthe go raibh sí seacht n-uaire níos measa ag dul abhaile dhi ná mar bhí sí ag teacht agus go raibh druim mór uirthi is go mbeadh a srón ag scríobadh na talmhan nuair a bheidh sí ag siubhal." "Sé mo ghuidhe-se dhi" arsan tríomhadh ceann "ná gach uair a labharfaidh sí go dtuitidh piastaí agus froganna agus gach rud salach aniar as a bhéal.
Nuair a bhí an cailín ag dul abhaile do bhuaileadh sí a srón i gcoinne gach rud a bhíodh roimpi agus do thuiteadh sí. Nuair a chuaidh sí abhaile do ghlac fearg an leas-mháthair nuair a chonnaic sí an cruth a bhí ar a h-inghean féin. Gach uair a labhradh a leas-inghean do thagadh péarlaí as a béal ach nuair a labhradh an inghean thagadh piastaí aniar as a béal. Sa deireadh do bhris ar an bhfoidhne ag an leas-mháthair agus do mhairbh sí a h-inghean féin. Do phós an leas-inghean le Prionnsa agus do mhaireadar go sona sásta an dá lá déag agus an fhaid a mhaireadar. Sinéad Ní Gogáin
1. Bean Uí Mhódhráin
2. Riasg, Baile an Fheirtéuraigh, Co. Chiarraidhe.
3. 73 bl.
4. Bean Fheirmeora.
10. 17/1/1938- Collector
- Sineád Ní Gogáin
- Gender
- Female
- Informant
- Bean Uí Mhódhráin
- Gender
- Female
- Age
- 73
- Occupation
- Bean feirmeora
- Address
- An Riasc, Co. Kerry