School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Cormac
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sí léi na trí buidéil agus d'imthigh abhaile. Nuair a bhí sí imthighthe do labhair an chéad cheann agus dubhairt "ní fheadar cad an guidhe a b'fhearr a fhéadfaimís a thabhairt do'n cailín sin anois i dtaobh go raibh sí chomh maith "? 'Sé mo ghuidhe-se dhi acht go h-áirighthe" ar san tarna ceann "ná go raibh sí seacht n-uaire níos dathamhla ag dul abhaile dhi ná mar bhí sí ag teacht agus go dtuitidh Prionnsa éigin i ngrádh léi agus go raibh rath agus seán uirthi an cuid eile dá saoghal." "Sé mo ghuidhe dhi" arsa an tríomhadh ceann "ná gach uair a labhairfidh go dtuitidh péarlaí agus ór aniar as a bhéal."
Nuair a chuaidh an leas-inghean abhaile, do ghlac fearg ar an leas-mháthair nuair a chonnaic sí an t-arthughadh a tháinig uirthi agus cheap sí gurbh amhlaidh a bhí an draoi ag magadh fúithe. Do thuig sí annsan ná raibh faic le déanamh acht a inghean féin do chur go dtí an tobar féachint an athrochadh sé sí. Chomh maith do dhein. Do thug sí trí buidéil di agus dubhairt sí léi dul go dtí an tobar céadna ag triall trí buidéil uisge. D'imthigh an inghean léi go dtí go dtáinig sí go dtí an tobar. Do bhí sí ag saitheadh síos an chéad buidéal, nuair a léim chúiche aníos an chéad cheann agus dubhairt "Nigh mé agus glan mé agus cuir ar an bport úd thall mé" agus dubhairt an cailín "ní dhéanfadh go deimhin, ní bheinn ag sailiú mo lámha leo." Do sháidh sí síos an tarna buidéal chun é líonadh agus do léim an tarna ceann aníos agus dubhairt "Nigh mé agus glan mé agus cuir ar an bport úd thall mé" ach dubhairt an cailín nách déanfadh. Annsan do sháidh sí síos an tríomhadh buidéal chun é líonadh agus do léim an chúiche aníos an tríomhadh(continues on next page)- Collector
- Sineád Ní Gogáin
- Gender
- Female
- Informant
- Bean Uí Mhódhráin
- Gender
- Female
- Age
- 73
- Occupation
- Bean feirmeora
- Address
- An Riasc, Co. Kerry