School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Cormac
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)go dtáinig sí slán abhaile.
Nuair a chuaidh an cailín abhaile do bhí iongnadh agus alltacht ar an leas mháthair nuair a chonnaic sí í. Do bhí fearg an domhain uirthi leis agus ní raibh fhios aici cad a dhéanfadh sí. Sa deire do shocruig sí a h-aigne go rachadh sí go dtí an draoi arís, féachaint an gcuimhneochadh sé ar sheift éigin eile chun deire a chur léi. Seadh! Do chuaidh agus 'sé dubhairt sé léi an turas so, ná í a chur go dtí Tobar na gCeann ag triall ar trí buidéil uisge, agus dá dtagadh sí slán an turas so ná beadh aon rud chun deireadh a chur léi.
D'imthigh an leas-mháthair abhaile agus dubhairt sí leis an leas inghean dul go dtí Tobar na gCeann ag triall ar trí buidéil uisge dhi. D'imthigh an cailín léi go dtí go dtáinig sí go dtí an tobar. Do chrom sí síos agus do bhí sí ag sathadh isteach an chéad buidéal nuair a léim cuichi aníos an chéad cheann agus dubhairt "Nigh mé agus glan mé agus cuir ar an bport úd thall mé." Do dhein an cailín amhlaidh agus nuair a bhí an méid sin déanta aici do sháidh sí síos an tarna buidéal agus do léim cuichi aníos an tarna ceann agus dubhairt "Nigh mé agus glan mé agus cuir ar an bport úd thall mé." Do dhein an cailín amhlaidh agus annsan do sháidh sí síos an tríomhadh buidéal agus do léim cuichi aníos an tríomhadh ceann agus dubhairt "Nigh mé agus glan mé agus cuir ar an bport úd thall mé." Do dhein an cailín amhlaidh agus nuair a bhí an méid sin déanta aici, do thóg(continues on next page)- Collector
- Sineád Ní Gogáin
- Gender
- Female
- Informant
- Bean Uí Mhódhráin
- Gender
- Female
- Age
- 73
- Occupation
- Bean feirmeora
- Address
- An Riasc, Co. Kerry