School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Cormac
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)lae go dtuit an oidhche uirthe. Do chuaidh sí isteach i dtig chun greim a dh'ithe agus chun a sgíth a leigint. D'fhiafruigh muinntir an tighe dhi cá raibh a triall agus dubhairt sí go raibh sí ag dul go dtí an Muilleann Draoidheachta ag triall ar phlúr dá leas-mháthair mar go raibh sí an-bhreóidhte ar fad. Bhí muinntir an tighe ag tathaint uirthe gan dul ann mar gach aoinne a théigheann ann ná tagann sé abhaile arís. Ach níorbh aon mhaith dhóibh a bheith léi. Dubhradar léi annsan fanacht an oidhche sin agus go bhféadfadh sí imtheacht go moch ar maidin, ach ní fhanfadh. Do thug an bhean coileach Márta dhi annsan agus dubhairt sí léi fanacht sa Mhuileann go dtí lár na h-oidhche agus nár bhaoghal dhi annsan.
D'imthigh an cailín léi annsan agus an coileach Márta aici. Nuair a tháinig sí go dtí an Muilleann do shuigh sí síos chun sos a thógaint. Timcheall a dódhéag a chlog do thosnuigh an Muilleann ag casadh agus ag casadh agus fothram an domhain á dhéanamh aige. I gcionn tamaill d'éirigh an fear fada dubh amach as an Muilleann agus do tháinig sé i leith go dtí an cailín. Do shuidh sé síos in aice léi agus dubhairt, "Sín do chosa geala bána in aice lé'm chosa fada dubha." Do bhí an cailín ag crith le h-eagla acht timcheall a meadhon oidhche go ghlaoidh an coileach agus d'imthigh an fear dubh. Do stad an muilleann do bheith ag casadh agus bhí gach aon áit ciúin arís. D'fhan an cailín annsan go dtí breacadh an lae annsan fuair sí an plúr agus thug an bóthar abhaile uirthi féin. Ar a slighe abhaile di, chuaidh sí isteach sa tigh go bhfuair sí an coileach ann agus bhí áthas an domhain ar mhuinntir an tigh(continues on next page)- Collector
- Sineád Ní Gogáin
- Gender
- Female
- Informant
- Bean Uí Mhódhráin
- Gender
- Female
- Age
- 73
- Occupation
- Bean feirmeora
- Address
- An Riasc, Co. Kerry