School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Cormac
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)í go dtí an áit i n-a raibh Seánach Séamuis fé draoidheacht ag an mnaoi side. Bhí sí sin eirighthe amach di féin ag cíoradh a cuid gruaige. Tháinig inghean Mhairín i leith a cúil uithi i dtreo na féadfadh sí feuchaint uirthi. Do labhair inghean Mhairín annsan agus adubhairt,
"Beannuighim duit-se a bhean bhinn bhéasaigh,
Fé mar bheannuig Críost agus aon Mhac Dé sin
An bhfuil agat tuairisg ar Seánach Shéamuis
Ar phós sé fós nó an bhfuil gan déanamh
Nó an bhfuil aon óig bhean ar t'eolas réidh leis."
Do labhair an t-sean chailleach annsan agus arsa sí "cad é do chúram-sa do'n bhfear mór tréitheach san?" "Ó" arsa an cailín "tá seacht mbliadhan ó rugas uaim é as comhthalán rinnce." Annsan do labhair an cailln le faobhar.
"Mar an gcuirir é féin chugham cuir an spré chugham,
Cuir chugham seacht gcéad seana phuidheach ceanann buidhe bhléideann
Seacht gcéad caora mín tais gléigeal
Seacht gcéad gabhar maol donn ar aon dath
Seacht gcéad gandal agus a n-annlan géadhna
Seacht gcéad tona d'ór na Gréige
Agus seacht gcéad barraille de'n airgead cros raolach"
"Táir ós mo coinnibh amach" arsa an g-sean chailleach "agus tabharfadh iad go léir duit" "Ní sgarfadh mo lámh leat nó go sgarfadh mo ghrádh leat" arsa an cailín. "Cad é an biadh a chothuigh tú an fhaid is bhís sa bhaile ag do máthair?" arsa an tsean chailleach.(continues on next page)- Collector
- Siobhán Ní Shúilleabháin
- Gender
- Female
- Informant
- Pádraig O Súilleabháin
- Gender
- Male
- Age
- 68
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Baile an Lochaigh, Co. Kerry