School: Scoil na mBráthar, An Daingean (roll number 16703)
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An Br. P. Ó hAragáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí ógfear in Alba na Sgáil agus dob é an duine b'óige do clann mór. Lá dá raibh sé ag siubhal in-aice le loch a' Phedléara chonnaich sé long mór ag teacht isteach go Bádh Breandán. Chuaidh sé síos go dtí an caladh agus chuir an captaoin ceist air an raghadh sé ag obair sa luing agus go bhfuigheadh sé sparán maith t'réis cúig bliadhna. Bhí sé sásta ach sar a chuaidh sé thuit sé i ngrádh le cailín ó Bhreandán. An lá a bhí sé chun dul thóg sé sgilling as a phóca agus dhéin sé dhá leath dhi agus agus thug sé leath amháin do'n cailín. T'réis an chúig bliadhna chuaidh sé i dtír i Breanndán. Bhí sé ag dul abhaile nuair a rug beirt fhear air agus mharbhuigheadar é agus goideadh a airgead. Do chuadar go h-Alba na Sgáil annsan agus chuadar isteach I dtigh tabhairne. Cé bheadh sa t-siopa ach cailín an fhir mhairbh. Thugadar airgead di i gcoir dighe agus istigh i lár carn airgid bhí leath-sgilling. Bhí aitne aice air agus rith sí i gcóir na garda. Do rugadh ar an beirt agus crochadh iad.
- Collector
- Seán Ághas
- Gender
- Male
- Address
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Informant
- Séamus Ághas
- Gender
- Male
- Address
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry