School: Scoil na mBráthar, An Daingean (roll number 16703)
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An Br. P. Ó hAragáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil na mBráthar, An Daingean
- XML Page 415
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhí fear ann fadó agus bhí sé 'na cómhnuidhe inaice le Loch an Peidleára. Ní raibh aon clann aige. Do bhí báidín beag aige agus do théigheadh se ag iasgach ar an laoch gach lá. Maidin breág do chuaidh sé go dtí Tráighlí. Nuair a tháinig an oidhche ní raibh sé ag teacht abhaile.An lá 'na dhiaidh sin nior tháíngi sé abhaile. Do chuaidh an bean á lorg. Do chuaidh sí isteach go dtí Tráighlí agus thosnuigh sí 'á lorg. Ní raibh sé le fághail in-aon áit. Táinig an bhean abhaile ach ní raibh sé ann roimpi. An lá 'na dhiaidh sindo chuaidh sí féin agus fear eile go dtí an loca. Do chuadar isteach sa bháidín agus chuadar timcheall an locha agus fuaireadar é ag snámh ar bhárr an uisce.Do thugadar leó abhaile agus an lá 'na dhiaidh sin cuireadh é. Is amhlaidh a thuit sé isteach sa loch agus é ag teacht ó Tráighlí mar bhí braoinin ólta aige.
- Collector
- Seán Ó Loingsigh
- Gender
- Male
- Informant
- Pádruigh Ó Loingsigh
- Gender
- Male
- Address
- An Chuileannach, Co. Kerry