School: Scoil na mBráthar, An Daingean (roll number 16703)
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An Br. P. Ó hAragáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil na mBráthar, An Daingean
- XML Page 383
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Tá páirc againn sa bhaile agus sé an t-ainm atá air na cathair. Tá dhá dhún ann agus deirtear gur b'iad na Danair a bhí ann fadó...”
Ainm an té do bhailigh, Gabriel Bric
Ainm an té do thug, Seán Ó Bric,
BrandonTá páirc againn sa bhaile agus sé an t-ainm atá air ná cathair. Tá dhá dhún ann agus deirtear gur b'iad na Danair a bhí ann fadó. Do chuaidh duine isteach i gceann acu agus fuair sé tlú istigh. Lá eile fuair sé tuagh mór agus bé an t-ainm a bhí air ná Fionn Mac Cúmhaill. Annsan do chuaidh sé isteach sa cheann eile. Bhí alán coiníní ag rith amach as an ndún.
Nuair a chuaidh sé isteach do fuair sé alán cnámha ann. Thóg se suas iad agus bhí alán feóla istigh imeasg na gcloch. Istigh i cheann aca bhí tuagh. Do rith sé amach chomh tapaidh agus d'fhéadadh sé é. Indiadh sin bhí na caoirigh ag dul isteach san dhá dhún agus níorbh fhéidir leó teacht amach. Do leag na daoine iad annsan agus do chuir san deire leis an dá dún.- Collector
- Gabriel Brich
- Gender
- Male
- Address
- Cé Bhréanainn, Co. Kerry
- Informant
- Seán Ó Brich
- Gender
- Male
- Address
- Cé Bhréanainn, Co. Kerry