School: Scoil na mBráthar, An Daingean (roll number 16703)

Location:
Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
Teacher:
An Br. P. Ó hAragáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0424, Page 335

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0424, Page 335

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil na mBráthar, An Daingean
  2. XML Page 335
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Cuaidh fear ón mbaile seo fadó a' seoladh a chapaill ar a gcnoch. Páirc na gCaistíní dtaobh thuas do bhóthar. Thug sé a chapall suas go dtí lár ná páirce tráthnóna breágh samhraidh a bhí ann...

    Ainm an té do bhailigh
    Seán Ó Máirtín
    Baile 'n Dhódhlaerigh,
    An Daingean,
    Cuaidh fear ó'n mbaile seo fadó a' seóladh a chapall ar a' gcnoch. Páirc na gCaistíní dtaobh thuas do bhóthar.
    Thug sé a chapall suas go dtí lár na páirce tráthnóna bréagh samhraidh a bhí ann. Thuas í lár na páirce tháinigh sé anuas Doh chapall chun slabhradh a chuir fúithe mar lainade.[?] Ní raibh sé as bainte de mhuineál aige nuair a connaich sé na h-easanna ag gabhailt anuas ó bharra na páirce chuige, léim sé máirde ar an gcapall agus má dhein do bhailigh na h-easanna timcheall, agus iad ag tabhairt fé ináirde ar a' gcapall - a léimeadh in-áirde chuige is é suid. A' tabhairt fútha leis an t-slabhra. Chas sé an chapall is do lean na h-easanna é is ga' h-aon léim aca d'íarraidh dul a' triall air. Caith sé an capall a thabhairt abhaile aríst. Connaich an baile é agus na h-easanna a' gabháilt do is da leanaint.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Máirtín
    Gender
    Male
    Address
    Baile an Bhúlaeraigh Theas, Co. Kerry