School: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (roll number 16892)
- Location:
- Baile an Ghóilín, Co. Kerry
- Teacher: Dll. Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín)
- XML Page 212
- XML “Eachtra na Mná Móire thar Lear”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)D'fhág mo ceann go feall fén gcré.Eóghan ó Fiannachta, Baile Móir, Dainghean.
Thug Eóghan ó Fiannachta, Baile Móir, Dainghean do é. - Do bhí seirbhíseac ag Fíonn fadó. Do bhí ana mheas aige air. Lá do chuir sé isteach i dteampaill a bhí i bhFionntrágha é ar theactaireacht. Do bhí sé ana fhada istig. Sa dheire chuaidh sé isteach á lorg. Nuair a cuaidh sé isteach ní raibh an seirbhíseach ann in aon cor. Do glaoidh sé air acht ní bhfuair sé aon fhreagra. Taréis tamall d'eirig aníos as an dtalamh seacht lutharoga beaga. D'fiafhruig sé dhóibh an bhfeacadar a sheirbhíseach féin. Dúbhradar go dtug a máighistir féin leis é. agus chuir sé iad féin ina ionad. Dfiafhruig sé dhóibh annsan cár cómhnuigheadar. Dúbhairt duine aca gur cómhnuigheadar i dtír na bhfear gorm. Fuair Fíiónn Mac Cúmhail bád agus bhí sé á(continues on next page)