School: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (roll number 16892)
- Location:
- Baile an Ghóilín, Co. Kerry
- Teacher: Dll. Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)tógtha. I bpoll mór doimhin a bhí sé tógtha. Bhí mórán trom ag fás tímcheall na sgoile. Fear do mhuinntir Shúilleabháin a bhíodh ag mhúineadh. Deirtear gurbh ón nDainghean é. Tráthnóna deireannach a bhíodh sé ag múineadh mar bhíodh eagla air roimh na Sasanaig. Tímcheall le cúig duine déag a gheaobhadh slíghe sa scoil. Do caitheadh mórán dos na daoine Béarla do labhairt an uair sin agus agus tabharfadh na leanbhaí Gaedhluinn. Ní raibh aon phágh do mhúinnteóir an uair sin agus do b'éigean do gach duine go raibh aon nídh aca leath-raol sa tseachtmhain a dhíol. Na daoine ná bhíodh san aca thugaidís bainne nó arán nó feóil do. Tá an poll ina raibh an sgoil le fescint fós agus tá crann mór truim ag fás in aice na h-áite. Bhí rian na sgoile le fescint ann go dtí le deich mbliadhna ó shoin. Leagadh an uair sin é nuair a bhí na daoine ag tógaint na tighthe nuadha tímcheall na h-áite seo.Máire Ní Gríbhthín, Baile Móir, Dainghean.
Thug Seán Ó Cathasaig, Baile an Góilín, Dainghean, dom é.- Collector
- Máire Ní Ghríbhthín
- Gender
- Female
- Address
- An Baile Mór, Co. Kerry
- Informant
- Seán Ó Cathasaig
- Gender
- Male
- Address
- Baile an Ghóilín, Co. Kerry