School: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (roll number 16892)
- Location:
- Baile an Ghóilín, Co. Kerry
- Teacher: Dll. Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ann. Bhí suas le céad tig ann fadó acht cailleadh a bhfurmhór agus an méid nár cailleadh d'imthigheadar as an dtír go dtí America. Tighthe slinne iseadh na tighthe go léir acht thig amháin. Séaghdha iseadh an ainm is coitciannta ann. Tá seisear sean-daoine ós cíonn deich mbliadhna is trí fichead ann. Tá Gaedhluinn aca go léir. Is féidir leó ar fad sgéalta a d'innsint as Gaedhluinn agus as Béarla. Siad so iad Donncadha Mac Cárthaig, Muiris Ó Cléirigh, Eóghan Ó Fiannachta, Pádraig Ó Cinnéide, Pádraig Ó Néill. Ó Baile Móir, Daingean iseadh iad go léir. Talamh maith méith atá ann. Deineadh ainm na h-áite a luadhadh i n-amhrán a dhein Muiris Mac Gearailt mar gheall ar rás a bhí idir Cuas is Baile Móir. Bhuaidh naomhóg Baile Móir agus annsan dhein sé an t-amhrán ag moladh fir Bhaile Mhóir i dtaobh gur bhuadar air Chuas. Tá sean fhotharacha na 'Goodmans' le feiscint ann fós.(continues on next page)
- Collector
- Eóghan Ó Fiannachta
- Gender
- Male
- Address
- An Baile Mór, Co. Kerry
- Informant
- Eóghan Ó Fiannachta
- Gender
- Male
- Address
- An Baile Mór, Co. Kerry