School: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (roll number 16892)
- Location:
- Baile an Ghóilín, Co. Kerry
- Teacher: Dll. Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)nuair a théigheadh muinntir an tíghe á crú. Bhí eagla ar fhear an tíghe dul ag faire agus chuir sé duine eile ag faire dhó agus thug sé gunna dhó. Bhí sé an oidhche ar fad ag faire agus ní tháinig aoinne go dtí maidin. Annsan chonnaic sé an cat mór ag gabháil aníos agus ag dul á crú. Sgaoil sé urchar fé agus ar an nóimit d'iompaig sé isteach ina bean agus do theith sí.
Is ceart coinneall beannuighthe do lasadh nuair a bheithfeá ag crú bó nua-beartha. Nuair a bheithfeá ag glaodhach ar na cearca déarfá tioc, tioc; ar na géanna beadaí, beadaí; ar na lachain fíon, fíon; ar na turcaithe biadh, biadh;
Cearc go dtiocfadh gor uirthe agus ná teastóchadh uait í chur ar gor, déanfadh í cheangal as a dá chois agus í do crochadh anuas ar feadh leath h-uair a chloig agus nuair a(continues on next page)- Collector
- Mícheál Ó Fiannachta
- Gender
- Male
- Address
- An Rinn Bheag, Co. Kerry
- Informant
- Cáit Ní Fhiannachta
- Gender
- Female
- Address
- An Rinn Bheag, Co. Kerry