School: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (roll number 16892)
- Location:
- Baile an Ghóilín, Co. Kerry
- Teacher: Dll. Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Lucht Siúbhail
Tagann mórán bacaig tímcheall na h-áite seo. Duine aca iseadh Danny Coffey agus bíonn a bheirt dríthear leis tímcheall. Mícheál is ainm do dhuine aca agus bíonn a dó nó a trí do asail i gcómhnuidhe aige. Díolann sé agus ceannuigheann sé asail chun praifid a dhéanamh ortha. Tagann dream eile tímcheall leis gurb ainm dóibh McCárthaig. Bíonn "caravan" aca san agus tá clann mór díobh ann. Bíonn an t-athair ag glanadh simnéidhe. Tagann Johnny McElligot ar a dtugtar 'Johnny ate a bit' tímcheall ag bailiúghadh prátaí. Tagann dream eile ó Conndae éigin eile. Bíonn ponairí le díol aca uaireannta. Sé an ainm a tugtar ar na daoine sin ná "Sheridans". Tagann Seán Mána agus Biddy Fondlom agus bean eile ar a dtugtar Mage-the-fish mór tímcheall leis. Tagann mná eile leis agus deirfhidís leat cad a thuitfeadh amach ain an aimsir atá le(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Ghríbhthín
- Gender
- Female
- Address
- An Baile Mór, Co. Kerry
- Informant
- Muiris Ó Gríbhthín
- Gender
- Male
- Address
- An Baile Mór, Co. Kerry