School: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (roll number 16892)
- Location:
- Baile an Ghóilín, Co. Kerry
- Teacher: Dll. Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)gclár beag a bhí istig sa bhosca agus dúbhairt sí "Cuir phiúint leanna annsan tapaidh"Máire Ní Gríbhthín,Baile Móir, Dainghean.
Thug Máire bean Uí Gríbhthín dom é, ó Baile Móir. - Tomhaiseanna.
1. Cad a mheadhann an ghealach (ceithre ceathrú)
2. Cad é an rud a bhíonn age cat agus na bíonn ag aon ainmhidhe eile (piscíní)
3. Tháinig sé isteach ar dhrom na daoine agus cuaidh sé amach cómh mín le síoda (móin)
4. Lán na páirce de gamhnaibh bána agus gamhainín dearg eadroma istig (na fiacla agus an teanga)
5. Cím chúgham anoir, fear na srutháin, fear na sruth, fear na coise caoile cruadha, agus mo dhá thruagh mo laog gan rith. (Sin é dúbhairt caora nuair a connaic sí mactíre ag teacht)
6. Níl sé amuigh ort, níl sé istigh ort, Tá sé ort is ní trom leat é. (t-ainm)
7. Nuair a bhuaileann an clog trí déag , cad é an t-am é (in am an clog do shocrú)
8. Cad é an mí is lúgha go mbíonn cainnt(continues on next page)