School: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (roll number 16892)
- Location:
- Baile an Ghóilín, Co. Kerry
- Teacher: Dll. Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Pol a Daimh 9-10-1936Fuaireadh an sgéal so ó Phádraig ó Siochrú athair an "Seabhac". Tá sé os cionn 80 bliadhain.Na céadta bliadhain ó shoin, do sheól árthach aníos tré bhéil cuan a Daingin agus tháinig chun ancaire taobh amuigh de "Pholl a' Daimh". Árthach iasachta do beadh í. Bhí butais óir ag an gcaptaoin agus b'é eagla air go ngoidfeadh na máirnéilig uaidh é, agus d'éaluig sé i dtí é féin agus ceann eile dos na máirnéalaig. Chuadar isteach i bpoll mór doimhin, atá le hais an trágha, ar a dtugtar "Poll a Daimh". Dheineadar poll ar an dtaobh thoir theas de agus chuireadar an butais óir i bhfolach ann.Nuair a bhí san déanta agus iad thar n-ais arís ar an árthach, tháinig eagla ar an gcaptaoin go ndeinfadh an fear eile feall air agus go dtógadh sé an t-ór i gan fhios dó. Do lámhaig sé an fear eile. Chaith sé thar bórd é agus siúd leis chun fairrge airíst. Trácht ná tuairisg ní bhfuarthas air ó shoin.Ceaptar go bhfuil an butais óir ann fós agus cloistear go dtagann daoine istoidhche á chuardach. Níltear deimhnightheach de sin ach is minic a chídhtear raobadh déanta sa pholl ar maidin. Deir daoine gurbh iad na daoine maithe a dhein é agus agus deir daoine eile gurb é an captaoin féin a thagann thar nais ón mbás á raobadh agus ní dhoicighe ná gurb iad na daoine daonna féin a dhein an raobadh.
- Informant
- Pádraig Ó Siocrú
- Gender
- Male
- Age
- Over 80