School: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (roll number 16892)
- Location:
- Baile an Ghóilín, Co. Kerry
- Teacher: Dll. Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín)
- XML Page 620
- XML “Paidir le Rá an Oíche Dheireanach den Bhliain”
- XML “Paidir a Dearfá sa Leabaidh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Paidir le rádh an oidhche dheireannach den bhliadhain.
Úrnaighthe a múineadh im leanbh dom féinig
Im dhúiseacht le dúthracht le gairbh na néan
Mo ghlúin a ligint fúm is me ag agairt chun Dé
Chúgatsa a úr-mhic a bhí go tuirseach ag silleadh as an ngéag
Íosa na nAingeal na nAspol na bhfarr is na gcliath
Íosa do baisteadhleanbh le Máire bliadhan
M'iarsma do chaithim ort a mhic Athair na nGrást bí fiall
Tabhair trócaire dom anam agus maith dhom mar dheinis riamhPaidir a déarfá sa leabaidh
Cros na nAingeal sa leaba ina luighmíd
bratacha na bhFlaitheas go dtaga inár dtímcheall
braon dod' ghrástaibh ar lár an chroidhe againn
Ag tógaint smúit na bpeacaí dinn-ne
Nuair a luím ar mo leabaidh luighim ar an uaig
M'faoisdne gur mhór leatsa a Dhia
Solas na soillse a thabhairt dom agus radharc na Tríonóide
Agus grásta na foidhne i naghaidh na héagcóra
Mo ghrádh sa tusa a Mhuire Mháthair
Mar is tú ár gcabhair fóghanta le linn a ghátair
Idir a bheith tinn nó slán duinnbean Uí Fhiannachta a thug na paidreaacha seo dhom. 80 bl. ó Bhaile Ghóilín iseadh í. - Cros na nAingeal sa leaba ina luighmíd
bratacha na bhFlaitheas go dtaga inár dtímcheall
braon dod' ghrástaibh ar lár an chroidhe againn
Ag tógaint smúit na bpeacaí dinn-ne
Nuair a luím ar mo leabaidh luighim ar an uaig
M'faoisdne gur mhór leatsa a Dhia
Solas na soillse a thabhairt dom agus radharc na Tríonóide
Agus grásta na foidhne i naghaidh na héagcóra
Mo ghrádh sa tusa a Mhuire Mháthair
Mar is tú ár gcabhair fóghanta le linn a ghátair- Informant
- Bean Uí Fhiannachta
- Gender
- Female
- Age
- 80
- Address
- Baile an Ghóilín, Co. Kerry