School: Ceann Trágha (Ventry)
- Location:
- Ceann Trá, Co. Kerry
- Teacher: Donncha Ó Cúrnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceann Trágha (Ventry)
- XML Page 153
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Uair amháin bhí cailín ina chómhnuidhe i gCillmhicadomhnaig ...”
(continued from previous page)Uair amháin bhí cailín ina chómhnuidhe i gCillmhicadomhnaig agus bhí buachaill 'na chómhnuidhe i gCeanntrágha agus thuit an bheirt ach a ngrádh le na chéile. I gcionn suim airighthe aimsire bhíodar chun pósadh ach nuair a tháinig an t-am níor phósadar in aon chor mar thuigeadar go rabhadar nó dhealbh.
Annsan dúbhairt an buachaill go raghadh sé féin ag tuilleamh go Co. Luimníghe agus nuair a bheadh roinnt beag airgid aige go dtiocfadh sé that nais chun í phósadh. Nuair a bhí sé ag imtheacht thug an cailín a briathar do ná pósfad sí éinne eile ach é féin faid a bheadh sé amuigh.
Dimthig sé leis agus scríobhfadh sé chúichi anois agus arist ach taréir tamaill ní scríobhfadh sé in aon chor chúichi agus cheap sí gur bhamhlaid a bhí sé breóidhte.
Tháinig sé abhaile i gcan fhios do'n gcailín agus bhí sé ana bhreóidte ar fad agus taréis lae nó dhó cailleadh e.
Ní raibh tásg na tuairisc ag an gcailín bocht mar gheall air ach lá amháin chuaidh sí an Daingean ag triall ar rudaí(continues on next page)- Informant
- Maitiú Ó Súileabháin
- Gender
- Male
- Age
- 53
- Address
- Cathair Bó Sine, Co. Kerry