School: Ceann Trágha (Ventry)
- Location:
- Ceann Trá, Co. Kerry
- Teacher: Donncha Ó Cúrnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceann Trágha (Ventry)
- XML Page 145
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Aon uair amháin do buaileadh bean tighe éigint i gCill a Ruith breóidhte agus cuireadh fios ar an dochtúir di agus nuair a tháinig sé dubhairt ná leigheasfadh aon nídh í ach anairthe sicín coilig.”
Aon uair amháin do buaileadh bean tighe éigint i gCill a Ruith breóidhte agus cuireadh fios ar an dochtúir di agus nuair a tháinig sé dubhairt ná leigheasfadh aon nídh í ach anairthe sicín coilig. Be lár an gheimhridh a bhí ann san am gcéadna agus ní raibh aon sicín d'aon tsaghas le fáfhail ins an paróiste.
Nuair ná raibh sí ag dul i bfeabhas dubhairt fear an tíghe lá, go raghad sé féin an Daingean agus ná tiocfadh sé abhaile gan an sicín. Bhí sé déanach sa tráthnóna nuair a dh'fag sé Cill a Ruith ar chapall ialaite. Nuair a cuaidh sé go dtí an Daingean do chuairdig sé gach tig agus sa deire thiar thall deirig leis ceann a d'fághailt agus thosnuig sé ag bogadh cun bóthair agus bhí an oidhche ann go maith an uair sin. Bhí sé ag dul ar chos - anáirde go dtáinig sé go log an Uisce agus annsan do stad an chapall agus ní fhéudfadh an fear coruighe a bhaint as dá gcuirfeadh sé claidheamh tríd. Bhí an coileach istig i mála aige ar mhuin an capaill agus bhí an(continues on next page)