School: Ceann Trágha (Ventry)

Location:
Ceann Trá, Co. Kerry
Teacher:
Donncha Ó Cúrnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0423, Page 140

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0423, Page 140

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ceann Trágha (Ventry)
  2. XML Page 140
  3. XML “Saighdiúir ag Faire an Chailín sa Chomhrainn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann fadó agus bhí sé phósta agus ní raibh aon chlann aige. Bhíodh sé ag gearán gach lá agus bhí sé ana chancarach aon lá amháin dubhairt sé leis a mhnaoí go scarfadh sé uaithe ar fad agus nuair a thiocfadh sé tar nais go mairbeocadh sé í muna mbeadh inghean aici.
    Dimthig sé agus bhí brón agus briseadh croidhe ar an mhnaoí. Aon oidhche amháin bhí sí ag siubhal amuich go déanach agus bhuail sean-bhean lei agus d'iarr sí uirthi cad a bhí ag deanamh triobloíde dhi. Dinnis sí dhi na trioblóidí go léir a bhí uirthi agus dubhairt sí lei gan aon bhuairt a bheith uirthi mar go mbeadh inghean aici i gcionn suim áirighthe aimsire.
    Sar a raibh mí caithte bhí inghean óg aici agus bhí ana áthas uirthi. Do baisteadh an leanbh agus tugadh Maire mar ainm uirthi. Tógádh an inghean uaithe nuair a bhí sí baistighthe agus tugadh go dtí an Caisleán ba giorra den dtig í agus thainig an bhean cúiche airíst agus dubhairt sí lei na féadfadh aoinne an leanbh d'feiscint go dtí go mbeadh sí
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish