School: Ceann Trágha (Ventry)

Location:
Ceann Trá, Co. Kerry
Teacher:
Donncha Ó Cúrnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0423, Page 043

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0423, Page 043

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ceann Trágha (Ventry)
  2. XML Page 043
  3. XML “Maiden Without Hands”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Maiden Without Hands (continued)

    Bhí baintreach fir ann fadó agus bhí aon inghean amháin aige.

    (continued from previous page)
    Bhí baintreach fir ann fadó agus bhí aon inghean amháin aige. Bhí buachaill aimsire sa tig agus bíodh sé ag obair amuich sa ghort gach aon lá. Téigheadh an chauilín amach sa ghort gach aon lá ag cainnt leis an buachaill aimsire agus ní leigfeadh sí do aon obair a dhéanamh. Do bhíodh a n-athair ag gabhailt di mar gheall air sin.
    Aon lá amháin do rug a h-athair uirthi agus do cheangal sé í go cois na leabthan agus do chuir sé an glas ar an ndorus agus d'fhág sé ann í an feadh seachtmhaine gan faic a thabhairt le n-ithe dhi. Bhí poll beag ar an ndorus agus gach aon lá do chuireadh an buachaill aimsire blúire beag aráin isteach tríd an dorus cuiche. Nuair a bhí an t-seachtmain caithte do leig a h-athair amach í agus dubhairt sé léi gan dul go dtí an gort níos mó ag cainnt leis an mbuachaill. Do chuaidh an cailín amach aríst ag cainnt leis an mbuachaill agus do rug a h-athair uirthe agus do cheangal sé do chrann í agus fuair sé a chlaidheamh agus do bhain sé an dá láimh agus an dá chois diagus d'fágh sé annsan i ag fágail bháis. Fuair an buachaill aimsire blaincéad agus chuir se an dá láimh agus an dá cois isteach ann agus annsan do tóg sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0706: The Maiden Without Hands
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ó Muircheartaigh
    Gender
    Male
    Age
    65
    Occupation
    Saor cloiche
    Address
    Baile an Lochaigh, Co. Kerry