School: Na Gleannta
- Location:
- Na Gleannta Theas, Co. Kerry
- Teacher: Ss. Ó Conchabhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Na Gleannta
- XML Page 432
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 432ScéalBhí fear ann fado agus sé an ainm a thughadh sé ar féin ná File Folamh. Bé an ceárd a bhí aige ná imirt cárta. Bhuadheadh sé ar gac aon duine a théigheadh ag imirt leis.
Fé dheire dhein sé fé dhéin Piaras Feirtéir a bhí na chómhnuidhe thiar sa dún. D'iarr se ar Piaras an raghadh sé ag imirt cluiche cártaí leis. Dubhairt Piaras leis go raghadh.
"Cad is ainm duit" arsa Piaras.
"File Follamh is ainm dom".
Do thosnuigheadar ag imirt. Do bhí Piaras ag buachtaint uaidh i gcómhnuidhe go dtí gur bhuaidh sé a raibh aige. Fé dheire d'imir File Follamh a léine leis agus bhuaidh Piaras an léine uaidh.
Ar maidin thug Piaras léine plainín do lé chuir air. Dubhairt Piaras "Tá do chneasa ghealta fé ealain an dá shnátha."
"Do dhearca glana na dhearbhuig má(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Ghearailt
- Gender
- Female
- Address
- Baile Uí Shé, Co. Kerry