School: Scoil N. Bríde
- Location:
- Baile na nGall, Co. Kerry
- Teacher: Síle Granville
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil N. Bríde
- XML Page 268
- XML “Aimsir an Ghorta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)puirseach is gairid mar lón e seachas glóire na bflaitheas a bheith scartha go deo liom"Níor cailleadh leis an ocras í gheibhead sí rud éígin le n-ithe gach lá.Tar-éís an droc-shaoghal tháinig móran sagas breoidhteachta sa tír acht bhí aon bhreoidcheacht amháin do bhí an-olc ar fad agus b'sin í an "galar breac." Bhí beirt bhuachaill ag obair ar an mbóthar sa tsneachtadh. Bhi duine aca cos-nochtuighthe. Do bhuail an breoidhteacht é. Do bhain an fear eile dho a bhróga agus chuir sé ar an mbuachaill breoidhte iad agus rug se leis abhaile é ar a dhrom, timcheall míle o'n áit n-a rabhadar ag obair. Fuair an buachaill bás t'reis dul abaile dho agus do buaileadh breoidhte an buachaill a tug abhaile é agus cailleadh é féin.Tá baile airighthe ar an ait seo "Baile na mBoc" agus cailleadh seacht deug lion-tighe ann leis an galar breac. Aon lá amháin tháinig an sagart ann agus tosnuig se ag leigheamh. Bhí fear(continues on next page)
- Informant
- Maighreud Nic Eoin
- Gender
- Female
- Age
- 44
- Address
- Baile na nGall, Co. Kerry