Aimsir an ghorta fadó bhí baintreabhach bocht thiar i bParóiste Fionn Trághana comhnaidhe. Bhí triúr mac aici. Bhí duine aca timcheall deich mblian d'aois, duine eile dhá bliadhain deug, agus duine ceithre bliana deug. An méid prátaí a bhí curtha aca do lobhadar sa talamh agus bhíodar gan aon bhiadh annsan. Do bhí na leanbhaí ró-óg chum aon chabhair do thabhairt di agus chaith sí féin imtheacht agus biadh do sholáthar dóibh. Uaireannta ní fhaghadh sí aon rud. Bhí sí féin agus a leanbhaidhe ar feadh dhá lá na dtroscadh. "Dia go deo linn, a leanbhaidhe " ar sí, "is dócha go gcaillfear leis an ocras sinn. Tá sé chomh maith agam imtheacht arís feuchaint an bhfaghainn aon nídh le n-ithe." Bhailig sí lei go lag, agus shiubhlaig sí mórán, acht ní bhfuair sí aon nídh. Chas sí thar nais ar an dtig go dubhach brfónach toisg gan aon nídh a bheith
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »