School: Scoil N. Bríde
- Location:
- Baile na nGall, Co. Kerry
- Teacher: Síle Granville
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil N. Bríde
- XML Page 263
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)“mar ní bhfuaireamar aon loistín”. “Téanaidh oraib liomsa” ars an fear “agus tabharfadsa loistín díbh. Do chasadar char ais ar an dtig agus ní ró-mhaith an cuma a bhí an bhean-an-tighe nuair a chonnaic si chúichi arís fad. Ach do chuir fear a’tighe cois na teineadh fad agus thug se greim le n-ithe dóibh.
T’reis tamaill bhí an garsun ag tuitim dá codladh cois na teineadh. Dubhairt fear an tighe le na mnaoi leaba do dheanamh suas doibh. D’fhreagair an bean é go támáilte agus dubhairt si ná raibh aon áit cun fad do chur mar a gcodlóchaidís sa tolg a bhí ar thaobh an tighe. D’eirig an fear agus radruig sa leaba sa tolg dóibh. Nuair a bhí gach duine imigthe a chodladh do labhair an mhathair le na mac. “Is mor an truaigh a leithéid do fhear maith a bheith ag a leithéid sin do mhnaoi”. D’freagair an mac í – “Níl aon leigheas ar sin ach é do thógaint uaithi.” Le na linn sin buail an pian agus an teinneas an fear. Tháinig uathbhas ar bhean-an-tighe nuair(continues on next page)- Informant
- Cait Ni Duinnlei
- Gender
- Female
- Age
- 48
- Address
- An Charraig, Co. Kerry