School: Scoil N. Bríde

Location:
Ballynagall or Ballydavid, Co. Kerry
Teacher:
Síle Granville

Filter stories

Back
/ 312 Forward
Resolution: Low | High
Scéal

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0421, Page 262

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí an Mhaighdean Muire agus a mac ag siubhal un bhothair lá ag dul go dtí baile mór a bhí tamall maith uatha. Garsún oig dob eadh an mac – timpeall dhá bhliadhain deug d’aois. Bhí an oidhche ag tuitim agus an Mhaighdean Mhuire le na mac. “Tá sé chomh maith againn loisdín do lorg sa cheud tig a bhuailfid linn”. “Pé nidh is maith leat?” ars a mháthair. Is gearr gur buailig feirimeora leo agus chuadar fé n-a dhéin. Chuadar isteach. Ni raibh aoinne rómpa ach bean-an-tighe. Do loirg an Mhaighdean lóisdín. Do fhreagair bean-an-tighe go támáilte agus go doicheallach agus dubh-airt si na raghaidís ná raibh aon áit acu dóibh. Dho chasadar ar a sáil agus chugad ar aghaidh ar thig eile. Ní fada ón dtig a bhíodar nuair a casadh fear an tighe ortha. Do bheannaig sé dóibh agus dubhairt. “Nach déidheannach ara sibh amuigh”. “Táimid” ars an Mhaighdean

(continues on next page)
Informant
Cait Ni Duinnlei
Gender
female
Age
48
Address
Carrig, Co. Kerry
Language
Irish