School: Scoil N. Bríde

Location:
Baile na nGall, Co. Kerry
Teacher:
Síle Granville
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0421, Page 261

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0421, Page 261

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil N. Bríde
  2. XML Page 261
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    an tighe agus go raibh a anam ‘á thómhas sa scála ag Naomh Mícheál agus ag an áirseoir. Bhi peacai an tighearna ró throm sa scála do na chuid maitheasaí. Do chaith Naomh Mícheál an bheart chuige do chuir an tighearna ins an leabaid chúinne isteach sa scála agus do árduig sé anairde scála na bpeacaidhe, agus do shábháil an méid sin anam an tighearna”. Sin e an taibhreamh ceudnea a deineadh dúinne” ars an bheirt eile. Do dhúisigheadar a raibh do seirbhísig sa tig agus chuadar go leabaidh an tighearna agus is amhlaidh a bhí sé caillte agus cuma an-deas ar a aghaidh.
    Innseodh don raghal do dtuig ár slánuigtheoir grásta na h-airithe dó tríd an gcarthannacht do cearbáin sé do triúir bráthar an oídhche sin nuair a thug sé leabaidh agus biadh dóibh. Do fuair sé féin leabadh on Slánuightheoir i lár na hoidhche sin i gCathair na nGrást. Do soillseoidh dor na bráithre treibh a gcodladh an rud a ceileadh ar a raibh do chomhluadar eile fé díon an tighe sin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Máire Breathnach
    Gender
    Female
    Age
    35
    Address
    An Charraig, Co. Kerry