School: Smerwick (B.)
- Location:
- An Mhuiríoch, Co. Kerry
- Teacher: Dd. Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Smerwick (B.)
- XML Page 619
- XML “Scoil na Soupers”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhí scoil soupers ar an gCill fadó. Bhí sé ar an dtaobh thuas don áit na bhfuil an seana saipeal. Do bhí go leor leanbaí ag dul ann aimsir an ghorta ach na diaidh sin bhíodar ag dul i laighead go dtí ar deire ní raibh ann ach cúpla daoine agus chaith an maigistir a bhí ann dárbh ainm do Davis imtheacht leis go dtí na Stáit. As Bearla a muintí gach adhbhar agus gach leanbh go mbearfadh an maigistir air ag labhairt na Gaedhilge cuireadh sé clár ar a dhroim agus marcalach sé air an méid uair a bhí an leanbh ag labhairt na Gaedhilge ar feadh an lae. Fagtaí an clár ar go dtí go dteigheach sé abhaile i dtreo go mbheadh gach aoinne ag feacaint air, na teannta sa fhaígheann sé leasa mhaith ó mhaighistir i slighe go mbheadh air an Gaedhluinn a marbhú. Puirseach a faígheadh na leanbaí i gcóir lár an lae agus tá an corcán na ndeintí an puirseach a beiriú le feiscint go dtí an lá indiú. Ragadh trí mála mine isteach ann.Do bhí "Glostear" mar maigistir(continues on next page)
- Collector
- Mícheál Ó Dómhnaill
- Gender
- Male
- Address
- Cill Maoilchéadair, Co. Kerry
- Informant
- Mícheál Ó Dómhnaill
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Address
- Cill Maoilchéadair, Co. Kerry