School: Smerwick (B.)
- Location:
- An Mhuiríoch, Co. Kerry
- Teacher: Dd. Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Smerwick (B.)
- XML Page 617
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear i bParóiste Múrdhach fadó agus fear a beadh é a mbíodh teineas fiachail ar i gcomhnuidhe. Aon lá amháin do fuair sé mar leigheas dul go dtí an dteampall agus fiacal duine mhairbh d'fagháilt agus í cimilt dá fiachal fhéin trí uaire agus í cuir uaidh arís ins áit chéadhna.
Lá ar na amháirc bhí socraid ins áit, agus chuaidh an fear seo go dtí an socraid agus fuair sé fiachal duine mairbh ins teampall. Cad a dhein sé leis an bfiachail in ionad í cuir ins áit chéadhna ná í thabhairt leis abhaile na phóca chun go mbeadh sé á cimilt dhá fiacal féin gach aon uair a thiochfhad an teineas air.
Ní fada na diaidh sin go raibh sé ag teacht abhaile ón nDaingean agus é na seasamh istigh i ráil taréis a bheith ag díol mhuch. Lá breágh Samhradh ba eadh é agus leis sin ní raibh leóithne gaoithe ann. Nuair a tháinig sé go barra an Mháma iseadh tháinig an gála gaoíthe is mó dá dtáinig riamh(continues on next page)- Collector
- Tomás Mac Eóin
- Gender
- Male
- Address
- Baile na nGall, Co. Kerry
- Informant
- Máirghéadh Mac Eóin
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Age
- 45
- Address
- Baile na nGall, Co. Kerry