School: Smerwick (B.)
- Location:
- An Mhuiríoch, Co. Kerry
- Teacher: Dd. Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Luíghim ar an leabaidh seo mar a luighfheadh san uaigh. Deinim m'faoistin go cruaidh leat a Íosa Mhic Mhóire. Aspolóid a iarraim ort a Íosa Críosd. A Mhuire Mháthair a Mhaighdean ró naomhtha, tabhair dúinn radharc ar do theaghlach agus ar do mhór chómhacht. Solas na Soillse agus Radharc na Tríonóide grásta na foidhne i n-aghaidh na h-éagcórach. Cros na n-aingeal sa leabaidh 'na luíghfhead.Braon dá ngrásta i lar an croídhe againn. Bratacha na bFlathas go leatthar 'nár dtímcheall a thógfaidh ceó na bpheacaí dhinne. Glaoidhim Dia mar Athair agus Muire mar Mháthair. Flathas Dé mar dhúthaig agus diúltuíghim do'n áirseóir. Tugaim suas m'anam ar mo leabaidh do'n Rígh Glórmhar, dá Máthair bheannuighthe , an bhanaltra sítheóilte , do's na aingil go léir i gcathair na Glóire, ár ngárdáil , ár sábháil, ár seóladh 's ag breith ár n-anam go cathair na Glóire.
- Collector
- Pádraig Ó Séaghdha
- Gender
- Male
- Address
- Baile na nGall, Co. Kerry
- Informant
- Cait Bean Uí Shéaghdha
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Age
- 45
- Address
- Baile na nGall, Co. Kerry