School: Smerwick (B.)
- Location:
- An Mhuiríoch, Co. Kerry
- Teacher: Dd. Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Smerwick (B.)
- XML Page 603
- XML “Seantobaracha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá a lán sean-thobaracha mór tímcheall Chiarraidhe go mór mhór i gCorcha Dhuíbhne. Tá tobar Naomh Bhreanndháin i n-aice forthaig Bhreanndain i gCill Maolcéadar. Tugann daoine turas ar an dthobar san Domhnach Cásga. Deirtear go leigheisfidhe galair áirighthe a bheadh ar dhuine ag an dthobar san.
Tá tobar eile i mBaile Riabhach agus tugann daoine turas ar sin leis Domhnach Cásga. Fadó thug fear a bhí bodhar agus balbh turas ar an dthobar san ana luath ar maidin Domhnach Cásga. Dob'é an chéad duine a dhein an turas agus nuair a bhí an turas tugtha aige bhí sé leighiste.
Tá tobar eile i mBaile Dháith. Bíonn turas go dtí an tobar san leis Domhnach Cásga agus gach aoinne a théigheann ar an dthuras san chaitheann siad pictúirí beannuighthe agus rudaí eile isteach sa tobar. Is minic leis a leighistear na daoine a tugann turas ar an dtobar san , go mór mhor na daoine go mbíonn muinghín acha as.- Collector
- Pádraig Ó Séaghdha
- Gender
- Male
- Address
- Baile na nGall, Co. Kerry
- Informant
- Cáit Bean Ui Shéaghdha
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Address
- Baile na nGall, Co. Kerry