School: Scoil N. Íde

Location:
Márthain, Co. Kerry
Teacher:
Éamonn Ó Catháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0420, Page 184

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0420, Page 184

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil N. Íde
  2. XML Page 184
  3. XML “Táilliúirí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhíodh na táilliúrí tuaithe ag imteacht ó thigh go tigh fadó ag déanamh éadaigh do luith an tíghe - fin is buachaillí móra. Anáirde ar am mbórd do shuidhidís sé sin dá mbeadh bórd sa tigh, nó ar úrlár dá mba rud é ná beadh bórd ann. Ós coinnibh na fuinneóige isteach a bhíodh an bórd nó dá mbeadh an fuinneóg ró bheag, ró shuarach lastuigh do dhoras chaireadh sé fé agus an leath cómhla dúnta.
    Bhíodh siosúr, meisiúr, mearacán, snáthad ianainn, agus cailt ag gach tailiúr. Thugadh sé leath-bhórd leis muna mbeadh ceann sa tig. Blúire adhmuid do bheadh an leath-bód so cúpla troigh ar fhaid, ceol na bharra agus biann na bhun agus órlach ar aoirde. Bhíodh sé áisiúil lé sáth isteach i muinnchile casóige nó cos brísde. Muna mbeadh bannlá sa tigh chaithfeadh an tailiúir ceann do sholáthar. B'sin é
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. clothing and accessories (~2,403)
    Language
    Irish
    Collector
    Éamonn Ó Cathain
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Address
    Leataoibh Beag, Co. Kerry