School: Scoil N. Íde
- Location:
- Márthain, Co. Kerry
- Teacher: Éamonn Ó Catháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil N. Íde
- XML Page 181
- XML “An Chuigeann”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Meadear a tugtar ar an mbarraile dheineann an t-ím. Bíonn dhá láimh iarainn amach as an meidir chun breith ortha nuair bheifá ag déanamh na cuiginne, lámh ar gach taobh. Tugtar cuigeann ar an uachtar bhíonn san mheadar leis na lámha a deintear an cuigeann san áit seo.
Sé an cómhartaí bhíonn aca go mbíonn an t-ím déanta ná nuair a chloiseann siad glór na bláthaighe. Tógann siad an t-ím annsan agus nigheann siad an bhláthach as agus cuireann salann air.
Timcheall lé uair a chluig thógann sé uatha an cuigeann do dhéanamh ach nuair a bhíonn aimsir brothallach ann tógann sé dhá uair chluig uatha í dhéanamh.
Piseóga: Dá dtiocfhadh duine isteach faid a bheidís ag déanamh na cuiginne chaithfeadh sé lámh bhualadh ar an meidir ar eagla go sciobfaí an t- ím.
Ní chuirfidìs aon luadh amach ná ní tabharfaidís aon spré teine uatha ar eagla ná(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Ní Mhaeleóin
- Gender
- Female
- Address
- An Clochán Dubh, Co. Kerry