School: Scoil N. Íde
- Location:
- Márthain, Co. Kerry
- Teacher: Éamonn Ó Catháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil N. Íde
- XML Page 164
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)dhiaidh agus na h-aon scréach aice ag glaodh ar Sheán chun a clóca a thabhairt di. Do lean Seán don rith gur bhain sé a thig fein amach. Do bhí an clóca curtha i bhfollach ag Seán suas sa lochta (i bhfollach ag Seán). I gcionn tamaill tháinig an muirbheach isteach. Shuidh sí síos. Cúpla mí na dhiaidh sin do phós an Muirbheach agus Seán ó Fhlathartaigh agus bhí clann aca.
Bhíodar ag maireachtaint go deas i dteannta a chéile go dtí aon lá amháin nuair a bhíodar ag glanadh suas an tíghe do chuaidh an duine don gclainn suas sa lochta agus do bhí sé ag glanadh suas ann. Do chonnaic sé an clóca agus bheir sé air agus chaith sé anuas é. Pé súil féachaint a thug an muirbheach do chonnaic sí an cloca. Do dhein sé fé na dhéin agus bheir sí air. D'imtig sí léi amach an doras agus ní fheacaidh áenne as san amach í.- Informant
- Mícheál Mac Gearailt
- Gender
- Male
- Age
- 42