Scoil: Scoil N. Íde
- Suíomh:
- Márthain, Co. Kerry
- Múinteoir: Éamonn Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil N. Íde
- XML Leathanach 094
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tamall maith de bhliadhantaibh ó shoin do bhí fear de mhuinntir Shúilleabháin na chómhnaidhe thiar i gCathair Caoin. Baintreach dob eadh é, agus bhí beirt inghean aige eirighthe súas na gcailíní óga chuige. Fear abeadh é a bhí ana thugtha de paidreacha agus de phaidríní. Bhí sé chomh diadhaidhthe sin go raibh sé ins na seacht núird.
Pé in Éirinn é ní raibh blas ná dath aige ar chúram na gcailíní óga. Deireadh sé go mbíodh an tigh dá leagadh acu. Im bhríothar gur bhraith na hingheanacha an droch-fhuadar fé. Bhí san go maith agus aon lá amháin do bhí sé ag cur amach aoiligh agus ag líonadh an úalaigh do bhúail sranng torran ola leis. Do rug sé uirthe agus do chaith sé isteach ar an úrlár é go mí chéadfadh í.
"Sranng torran ola", ar seisean "ag dul amúgha ins an aoileach".(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Dómhnall Ó Suilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Suilleabháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann