School: Scoil N. Íde
- Location:
- Márthain, Co. Kerry
- Teacher: Éamonn Ó Catháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil N. Íde
- XML Page 068
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)stadadar go gcúadar go pálás an Rí. Chnagadar ar an ndoras agus oscluigheadh dóibh. Dúradar go raibh gnó aca don Rí. Ar deire tháinig an Rí amach cúcha. D'fiaruig sé dóibh cad é an ghnó a bhí aca dhó. Dúradar go gcúaladar go raibh a ingean ana bhreóidhthe. Ar deire chuadar isteach agus thóg duine aca a bhuidéal as a phóca. Bhí ingean an Rí sínte siar sa leabaidh agus í ag fághail bháis. Chuir sé spíneóg don uisce uirthí agus d'éirigh sí aniar. Chuir sé an tarna spineóg uirri agus chroth sí í féin. Chuir sé an trímhadh spineóg uirthi agus d'éirigh sí na seasamh. Thug an Rí mórán airgid do agus shín sé go dtí an bhfear eile é agus d'úbhairt leis díol as an mbád agus as an tig na d'fhanadar agus an méid a bheadh fágtha dhá leath(continues on next page)
- Collector
- Mícheál Bácaoir
- Gender
- Male
- Informant
- Muiris Mic Gearailt
- Gender
- Male
- Age
- c. 64
- Address
- Cathair Deargáin Theas, Co. Kerry