School: Scoil N. Íde

Location:
Márthain, Co. Kerry
Teacher:
Éamonn Ó Catháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0420, Page 058

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0420, Page 058

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil N. Íde
  2. XML Page 058
  3. XML “Scéalta Púcaí”
  4. XML “Scéalta Púcaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    umhlúigheann tú dos na réiltíní ?". "Ní dheinim" arsa sé. Do stad sé ag féachaint air ar feadh tamaill. Annsan do labhair sé :
    Seadh sin trí nidhthe a chuir Dia air an dtalamh chum iad d'adhradh agus a mholadh agus chuin maitheasa duit féin. Dá bhrígh sin ba cheart dúinn gach nídh do chruthaig Dia d'adhradh.
    Gan focal eile do labhairt do d'imthigh sé úaidh amach thar claidhe agus d'imthigh seisean na dhiaidh féachaint cá g-cúaidh sé ach ní fheacadh sé aon rían do. Do bhí sé bailighthe as a radharc.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Do bhí Seán Sheámuis ó Bhaile an Fhirtéaraig oídhche ag teacht ón n-Daingean. Núair a tháinig sé chómh fada lé Mám Bhaile na n-Áth do chonnaic sé cúirt bhreágh thíghe ós a chomhair amach agus é lasta lé soíllse. Níor thóg an fear aon cheann do mar cheap sé gurab amhlaidh a bhí sé ag dul amúgha.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Mhathghamhna
    Gender
    Female