School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh

Location:
Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry
Teacher:
Máire Ní Mhainnín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0419, Page 599

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0419, Page 599

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
  2. XML Page 599
  3. XML “Póstaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Spré / Buachaillí Tuighe

    bíonn ar chailín spré a thabhairt lei go tig an fhir ach ma's "cliamhain isteach" an fear bíonn air spré a tabhairt leis go tig a mhná. Ní díoltar an spré ar fad i dteannta chéile ach cuid anois is cuid arís.
    Tarrainghtear coingiollacha an phósta an lá théid go dtí an baile mór. Socruightear an buanacht a bheidh ag an lánamhain óig ar an dtalamh agus ar an dtig, an méid stuic a d'fhágfar aca, agus an t-am a thabharfar suas an seilbh dhóibh. Socruightear mar an gceadna an teidiol no call nó buanacht a bheidh ag an lanamhain chríona ins an tig nuair a thabharfaid suas an talamh agus an láimhseáil.

    Téidheann an t-ogánach is an cailín go dtí an sagart parróisde chuin "an bileog" a d'fagháilt. Fadó ní théigheadh ach an buachaill ag triall ar an mbileoig, ach fé láthair bíonn ortha araon dul in aonfacht fé dhéin a' t-sagairt sa t-séipéal a póstar an lánamha agus taréis pósta dhóibh bionn spórt is rinnce is caitheamh aimsire aca i dtig tabhairne ar an mbaile is giorra de'n t-séipéil (An Buailtín). An oidhche sin bhailigheadh na daoine muinnteartha go léir - an choísire - i dtig an chailín nó an bhuachalla agus bhíodh "oidhche go maidin" aca ann. Thagadh "buachaillí tuighe" chuin an tighe agus iad gléasta i dtreo ná h-aithneochaí
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. rites of passage (~573)
          1. marriage (~4,283)
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlín Ní Gearailt
    Gender
    Female
    Address
    Márthain, Co. Kerry
    Informant
    Máire Bean Sheáin Uí Ghearailt
    Relation
    Parent
    Gender
    Female
    Address
    Márthain, Co. Kerry
    Informant
    Seán Mac Gearailt
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Márthain, Co. Kerry