School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh

Location:
Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry
Teacher:
Máire Ní Mhainnín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0419, Page 583

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0419, Page 583

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
  2. XML Page 583
  3. XML “Scéal Ceathrúil”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    inghean Rí na Tartaire níos breágtha go mór ná í agus nár tháinig fá n-a déin fós fear a thaithneochadh léi mar chéile pósta. D'imthig sé leis agus dfág sé a bhean 'na dhiaidh agus stad ná staonadh níor dhein sé go mbain sé amach an áit 'na raibh sí na comhnaidhe. Ní raibh aon dul aige ar í siúd dfeicsint amhthach mar bhí sí in-áirde i seomra i mbarr an (tighe) chaisleáin. Bhí sé ag cur 's ag cúiteamh agus fé dheire chuimhnig sé ar sheift. Cheannuigh sé beagán leathair chun bheith ag greasaidheacht sa bhaile mhór. Ní raibh a shárú le fagháil in aon bhall mar ghreasaidhe. An bhróg a dheineadh sé ní thiocfadh le h-aon cheárdaí eile an buadh d'fagailt uirthe ná a mhac-samhail dí adheanamh. Bhí an-trácht aige agus níorbh fada go gcuir an Rí bróga a n-deanamh chuige. Nuair a chonnaic inghean an Rí iad ní raibh stad ná staonadh le dul uirthe go bhfagadh sí féin peidhre
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlin de Lonndra
    Gender
    Female
    Informant
    Siobhán Bean Uí Lubhaig
    Gender
    Female
    Address
    Baile an Chalaidh, Co. Kerry