Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh

Suíomh:
Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry
Múinteoir:
Máire Ní Mhainnín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 556

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 556

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
  2. XML Leathanach 556
  3. XML “Scéal - Leidirín”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí baintreach ann fadó go raibh aon ingean amháin aici darb' ainm di Leidirín. Phós Leidirín fear darbh' ainm dho "Micí na Muc". Fear an-channcarach is an-ghortach do b'eadh é agus níor theastuig uaidh an t-sean-bhaintreach bhocht a bheith sa tig. Bhí sé ad' iarraidh an ruaig a chur uirthe agus an tig a bheith fé féin is fé na mhnaoi. Chuir sé in umhail do'n t-seanbhean go raibh dochall aige roimpe agus gur b'fearra dhi bheith ag bailiú lei as an dtig. Dubhairt a bhean go gcaithfeadh sí féin cóta plainín a dhéanamh dá máthair sar a bhfágfadh sí an tig. Thosnuig sí ar an obair, ag nighe na holna is á tíormú,ag déanamh roiléithi dhi agus á sníomh. Thóg sé seacht mbliana uaithe sar a raibh an cóta críochnuithe aici. Nuair a bhí sé déanta aici ní ar a máthair a chuir sí é ach uirthe féin. Bhuail sí a máthair thiar ar a drom is d'fhág sí slán ag "Micí na Muc" is buail 'on doras amach. Chuir sí an bóthar go tapaidh dhi ar eagla go dtuitfeadh an oidhche ortha sara mbuailfeadh aon tig leo. Ní thárlaig duine ná daonaidhe leo go dtángadar go dtí tig
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0425: The Search for the Lost Husband
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máirín Bhodlaeir
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Ard na Caithne, Co. Kerry
    Faisnéiseoir
    Máire Bean Uí Bhodhlaeir
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Ard na Caithne, Co. Kerry